top of page

Réamhrá

Réamhrá do Bhunreacht an IWW

 

Níl aon rud i gcomhchoiteann idir an lucht oibre agus an lucht fostaíochta. Ní bheidh aon síocháin ann agus ocras agus díth le fáil i measc na milliún d’oibrithe agus an dream beag, as a ndéantar an lucht fostaíochta, agus a bhfuil gach rath sa saol acu.

 

Idir an dá aicme seo ní mór do choimhlint dul ar aghaidh go dtí go n-eagróidh oibrithe an domhain mar aicme, go nglacfaidh siad seilbh ar na meáin táirgeachta, go gcuirfidh siad an córas pá ar ceal agus go mbeidh siad ar aon dul leis an Domhan.

 

Is é ár dtaithí é nuair a fhágtar lárnú bhainistíocht earnáil na tionsclaíochta ag líon Laghdaitheach daoine, go n-imíonn sé crua ar na ceard cumainn déileáil le cumhacht síarmhéadaitheach an lucht fostaíochta.

 

Is bocht an cás a chothaíonn na ceard cumainn a ligeann de ghrúpa amháin den lucht oibre dul i gcoimhlint le grúpa eile den lucht oibre sa tionscadal céanna, ag cuidiu le cliseadh a chéile i gcoimhlint an phá.

 

Lena chois sin, cuidíonn na ceard cumainn le lucht fostaíochta dallamullóg a chur ar na hoibrithe le go gcreidfidh siad gurb ionann suimeanna an lucht oibre agus an lucht fostíochta.

 

Is féidir na coinníollacha seo a athrach le go ndéanfar suimeanna an lucht oibre a sheasamh trí eagraíocht atá bunaithe ar bhealach le go stopfaidh a mballraíocht in aon tionscadal amháin nó in gach tionscadal más gá, go stopfaidh siad de bheith ag obair nuair atá stailc nó frithdhúnadh ar siúl in aon rannóg ar bith de chuid an tionscadail, rud a chialaíonn gurb ionann díobháil do dhuine amháin agus díobháil do gach duine.

 

In áit mana na gcoimeádach ,”lá macánta pá do lá macánta oibre,” ní mór dúinn scríobh ar ár mbratach an focal faire réabhlóideach, “Cealú an chórais phá.”

 

Is é misiún starúil an lucht oibre an caipitleachas a chealú.

 

Ní mór arm na táirgeachta a eagrú, ní amháin sa choimhlint reatha leis an chaipitlí, ach leis an táirgeacht a choinneáil ag dul nuair a bheas an caipitleachas cealaithe.

 

Trí eagrú táirgeachta tá muid ag tógáil struchtúr de shochaí nua taobh istigh de bhlaosc na seansochaí.

Strike not for a few cents more an hour, because the price of living will be raised faster still, but strike for all you earn, be content with nothing less.

Lucy Parsons, IWW

Our Mission

The working class and the employing class have nothing in common. There can be no peace so long as hunger and want are found among millions of the working people and the few, who make up the employing class, have all the good things of life.

Our Mission

Our Vision

Between these two classes a struggle must go on until the workers of the world organize as a class, take possession of the means of production, abolish the wage system, and live in harmony with the Earth.

bottom of page